Bainfidh an coinníoll teanga seo le gach forbairt tithíochta i gceantair Ghaeltachta i gCorcaigh le dhá theach nó níos mó. Leasú eile a fuair an solas glas ná moladh go ndéanfaí ath-zónáil a thalamh a thacódh le suas is 50,000 teach nua. AdvertisementDeirtear sa bhfreagra céanna, áfach, go mbeidh an Ráiteas Náisúnta Pleanála do thithíocht sa Ghaeltacht ag teacht i bhfeidhm le linn an Fhomhair. I gceantair Ghaeltachta Chorcaí, Múscraí agus Cléire, ciallaíonn sin go laghdófar an coinníoll teanga ó 66% a vótáil comhairleoirí ar a shon Dé hAoine go 33% agus 35% faoi sheach. Níl sé soiléir mar sin cé acu an mbeadh gá le próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis RNP ar an mbonn sin.